Olltoghchán 2024
Reáchtáladh Olltoghchán chun an 34ú Dáil a thoghadh ar an 29 Samhain 2024. Ar chomhairle Bhord Bainistíochta NEDS, choimisiúnaigh an Coimisiún suirbhé aghaidh ar aghaidh a rinne ionadaíocht ar an tír ar fad le neamhvótálaithe chomh maith le vótálaithe. Tá dhá chuid sa staidéar.
Baineann an chéad chuid le ceisteanna a bhfuil spéis ag an gCoimisiún Toghcháin iontu toisc go soláthraíonn siad faisnéis a thacóidh leis a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, agus iad ag plé topaicí ar nós taithí vótálaithe, eolas vótálaithe agus rannpháirtíocht vótálaithe.
Baineann an dara cuid le ceisteanna a roghnaigh na saineolaithe ar Bhord Bainistíochta NEDS agus a raibh staidéir thaighde acadúla ar cheisteanna toghcháin mar bhonn eolais fúthu. Tacaíonn siad sin le forbairt taighde d’ardchaighdeán ar cheisteanna toghcháin d’Éirinn agus tugann siad Éire i gcomhréir leis na sonraí a bhailítear do thíortha eile, agus féadfar a bheith rannpháirteach i staidéir idirnáisiúnta agus chomparáideacha dá bhrí sin.
Díríodh freisin ar thuairimí agus meonta a mheas ina measc siúd a bhí incháilithe le vóta a chaitheamh ach nach ndearna amhlaidh an uair seo, bídís cláraithe nó gan a bheith cláraithe, chun bonn eolais a chur faoi bhearta féideartha chun rannpháirteachas vótálaithe a mhéadú.
Rinneadh an suirbhé aghaidh ar aghaidh, agus tugadh faoin obair allamuigh idir an 1 Nollaig 2024 agus an 28 Feabhra 2025. Rinneadh taighde in n=287 toghcheantar i bPoblacht na hÉireann a rinne ionadaíocht ar an tír i dtéarmaí suíomh tíreolaíoch, suíomh uirbeach/tuaithe, agus ag úsáid innéacs díothachta HP Pobal.
Ghlac n=1,426 páirt sa staidéar, ina raibh n=1,101 duine a chaith vóta in Olltoghchán 2024 agus n=324 nár chaith vóta (níor nocht freagróir amháin a stádas vótála). Bhí idir neamhvótálaithe cláraithe (n=214) agus neamhvótálaithe incháilithe neamhchláraithe (n=110) i gceist leis na neamhvótálaithe.
Tá an ceistneoir agus deic sleamhnán achomair ar fáil thíos.
| Olltoghchán 2024 | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |
Treisíodh an tacar sonraí aghaidh ar aghaidh le sampla ar líne de 1,421 freagróir (1,100 vótálaí agus 321 neamhvótálaí). Murab ionann agus an suirbhé aghaidh ar aghaidh, níl sonraí an tsuirbhé ar líne bunaithe ar shampla dóchúlaíoch randamach mar sin níl siad san áireamh sa deic sleamhnán achomair. Ach tá an tacar sonraí ar líne agus na códleabhair ar fáil don phobal ach iad a iarraidh mar chomhlánú ar an bpríomhstaidéar aghaidh ar aghaidh, agus beifear in ann anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar shamplamhéid níos lú dá bhrí sin.
Tá na tacair sonraí iomlána agus na códleabhair don suirbhé aghaidh ar aghaidh agus an suirbhé ar líne ar fáil ach iarratas a chur chuig research@electoralcommission.ie.