An Staidéar Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais
De réir an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022 tá údarás suntasach ag an gCoimisiún Toghcháin (An Coimisiún) cláir thaighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartais agus ar ghnáthaimh thoghcháin, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le feidhmiú a chuid feidhmeanna féin. I mí Iúil 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin an chéad chlár taighde dá chuid, Clár Taighde 2024-2026, i ndiaidh gur tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin poiblí. Gné den chlár sin ab ea coimitmint Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) maidir le hÉirinn a fhorbairt.
Cé go bhfuil taighde déanta ar thoghcháin agus ar iompraíochtaí toghcháin, agus go bhfuil ardmheas ar an obair sin, níl an oiread céanna oibre déanta in Éirinn agus atá i dtíortha eile chun sonraí iontaofa, cuimsitheacha faoi thoghcháin a chur ar fáil. Tá a leithéid de staidéir á ndéanamh i dtíortha eile le breis agus 50 bliain anuas. Le NEDS tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún dul i ngleic leis an easnamh seo agus stór sonraí daonlathach a bhunú d’fhonn dearcthaí, meon agus eispéiris mhuintir na hÉireann i leith imeachtaí toghcháin agus an daonlathais, agus na fachtóirí a imríonn tionchar orthu, a thomhais thar am. Díreofar ar fhachtóirí ar leith go háirithe d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar an líon daoine a chaitheann vóta agus ar rannpháirtíocht sa pholaitíocht: is réimsí tábhachtacha iad seo dar leis an gCoimisiún.
Cuirfidh na sonraí sin bonn eolais freisin faoi na hathbhreithnithe ar leith i ndiaidh imeachtaí toghcháin a chuirtear faoi ndeara ar an gCoimisiún a ullmhú agus a fhoilsiú i ndiaidh gach imeachta toghcháin agus ceanglas faoi leith breathnú ar inrochtaineacht an phróisis vótála do dhaoine atá faoi mhíchumas, do dhaoine a bhfuil tinneas orthu nó do dhaoine a bhfuil dúshláin litearthachta le sárú acu.
Lena chois sin, bíonn ceisteanna áirithe sa NEDS ar ábhar spéise iad d’eolaithe polaitíochta agus acadóirí Léinn Toghcháin, mar aon le taighde faoinar chaith daoine vóta nó nár chaith, faoin dóigh ar chaith daoine a vótaí, agus faoin spreagadh a bhíonn acu agus an tionchar a bhíonn orthu maidir lena roghanna vótála. Is baill acadúla de Bhord Bainistíochta NEDS a roghnaíonn na ceisteanna sa chuid seo den staidéar. Trí shonraí a bhailiú sna réimsí seo, is féidir Éire a áireamh i dtaighde comparáideach agus i staidéir idirnáisiúnta faoi chórais pholaitíochta agus toghcháin agus faoin daonlathas.
Déantar anaithid na sonraí a bhailítear trí NEDS agus cuirtear ar fáil mar fhoinse oscailte iad ionas go mbíonn teacht ag páirtithe leasmhara, taighdeoirí, an pobal, lucht na meán agus lucht an choráis pholaitíochta ar fhaisnéis ardchaighdeáin faoi staid an daonlathais in Éirinn.