Na Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram
Bhí dhá reifreann ann ar an 8 Márta 2024. Phléigh an chéad reifreann leis an sainmhíniú Bunreachtúil ar an rud is teaghlach ann, agus is le ceist an chúraim a bhain an dara ceann.
I gcomhairliúchán le Bord Bainistíochta NEDS, choimisiúnaigh an Coimisiún trí shuirbhé a bhain leis na reifrinn seo. Rinneadh dhá shuirbhé réamhreifrinn – suirbhé ar líne (n = 1,041) agus suirbhé teileafóin (n = 1,001) – mar aon le suirbhé ar vótálaithe (n = 3,557) ag 185 ionad vótála ar fud na hÉireann.
Tá na ceistneoirí agus sleamhnáin ar fáil anseo. Is féidir na bunsonraí agus na códleabhair a fháil saor in aisce ach iad a iarraidh ón gCoimisiún Toghcháin trí ríomhphost a chur chuig research@electoralcommission.ie.
| Suirbhé réamhreifrinn | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |
| Post-referendum survey | ceistneoir tuarascáil (sleamhnáin) |